[2001.] Criminal Justice (Theft and Fraud Offences) Act, 2001. [No. 50.] — nuair is náisiúnach den Bhallstát i dtrácht an ciontóir, ar Sch.3 chuntar go bhféadfaidh dlı́ an Bhallstáit sin foráil go bhfuil an t-iompar inphionóis freisin sa tı́r inar tharla sé. 2. Tráth an fhógra dá dtagraı́tear in Airteagal 11(2) a thabhairt, féadfaidh gach Ballstát a dhearbhú nach ndéanfaidh sé an riail á bhforáiltear sa trı́ú fleasc de mhı́r 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm. Airteagal 5 Eiseachadadh agus ionchúiseamh 1. Aon Bhallstát nach ndéanann a chuid náisiúnach a eiseachadadh faoina dhlı́ náisiúnta, glacfaidh sé na bearta is gá chun a dhlı́nse a bhunú i leith na gcionta atá bunaithe aige i gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2(1) nuair a dhéanann a chuid náisiúnach iad lasmuigh dá chrı́och. 2. Déanfaidh gach Ballstát, nuair a lı́omhnaı́tear go ndearna duine dá náisiúnaigh i mBallstát eile cion coiriúil lena mbaineann an tiompar atá tuairiscithe in Airteagail 1 agus 2(1) agus nuair nach neiseachadann sé an duine sin chuig an mBallstát eile de bhı́thin a náisiúntachta amháin, an cás a chur faoi bhráid a n-údarás inniúil chun crı́ocha ionchúisimh, más iomchuı́. Chun gur féidir an t-ionchúiseamh a thabhairt ar aghaidh, seolfar na comhaid, an fhaisnéis agus ábhar eile a bhaineann leis an gcion de réir na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 6 den Choinbhinsiún Eorpach um Eiseachadadh. Coinneofar an Ballstát iarrthach ar an eolas faoin ionchúiseamh a thionscnáitear agus faoin toradh atá air. 3. Nı́ fhéadfaidh Ballstát an t-eiseachadadh a dhiúltú i gcás calaoise a dhéanann dı́obháil do leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach toisc amháin gur cion é a bhaineann le cánacha nó dleachtanna custaim. 4. Chun crı́ocha an Airteagail seo, forléireofar ‘náisiúnaigh Bhallstáit’ i gcomhréir le haon dearbhú arna dhéanamh aige faoi Airteagal 6(1)(b) den Choinbhinsiún Eorpach um Eiseachadadh agus le mı́r 1(c) den Airteagal sin. Airteagal 6 Comhar 1. Má tá calaois mar atá sainmhı́nithe in Airteagal 1 ina cion coiriúil agus go mbaineann sı́ le dhá Bhallstát ar a laghad, comhoibreoidh na Ballstáit sin go héifeachtach san imscrúdú, san ionchúiseamh agus i bhforghnı́omhú an phionóis, mar shampla trı́ chúnamh dlı́thiúil frithpháirteach, eiseachadadh, imeachtaı́ a aistriú nó pianbhreitheanna arna dtabhairt i mBallstát eile a fhorghnı́omhú. 2. Nuair atá dlı́nse ag nı́os mó ná Ballstát amháin agus caoi acu ionchúiseamh éifeachtach a dhéanamh arna bhunú ar na fı́orais chéanna, comhoibreoidh na Ballstáit i dtrácht chun a chinneadh cé acu Ballstát a dhéanfaidh an ciontóir nó na ciontóirı́ a ionchúiseamh chun an t-ionchúiseamh a lárú i mBallstát amháin más féidir. 57

Select target paragraph3