[2001.]
Criminal Justice (Theft and Fraud
Offences) Act, 2001.
[No. 50.]
— nuair is náisiúnach den Bhallstát i dtrácht an ciontóir, ar Sch.3
chuntar go bhféadfaidh dlı́ an Bhallstáit sin foráil go bhfuil
an t-iompar inphionóis freisin sa tı́r inar tharla sé.
2. Tráth an fhógra dá dtagraı́tear in Airteagal 11(2) a thabhairt,
féadfaidh gach Ballstát a dhearbhú nach ndéanfaidh sé an riail á
bhforáiltear sa trı́ú fleasc de mhı́r 1 den Airteagal seo a chur i
bhfeidhm.
Airteagal 5
Eiseachadadh agus ionchúiseamh
1. Aon Bhallstát nach ndéanann a chuid náisiúnach a eiseachadadh faoina dhlı́ náisiúnta, glacfaidh sé na bearta is gá chun a dhlı́nse
a bhunú i leith na gcionta atá bunaithe aige i gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2(1) nuair a dhéanann a chuid náisiúnach iad lasmuigh dá
chrı́och.
2. Déanfaidh gach Ballstát, nuair a lı́omhnaı́tear go ndearna duine
dá náisiúnaigh i mBallstát eile cion coiriúil lena mbaineann an tiompar atá tuairiscithe in Airteagail 1 agus 2(1) agus nuair nach neiseachadann sé an duine sin chuig an mBallstát eile de bhı́thin a
náisiúntachta amháin, an cás a chur faoi bhráid a n-údarás inniúil
chun crı́ocha ionchúisimh, más iomchuı́. Chun gur féidir an t-ionchúiseamh a thabhairt ar aghaidh, seolfar na comhaid, an fhaisnéis agus
ábhar eile a bhaineann leis an gcion de réir na nósanna imeachta dá
bhforáiltear in Airteagal 6 den Choinbhinsiún Eorpach um Eiseachadadh. Coinneofar an Ballstát iarrthach ar an eolas faoin ionchúiseamh a thionscnáitear agus faoin toradh atá air.
3. Nı́ fhéadfaidh Ballstát an t-eiseachadadh a dhiúltú i gcás calaoise a dhéanann dı́obháil do leasanna airgeadais na gComhphobal
Eorpach toisc amháin gur cion é a bhaineann le cánacha nó dleachtanna custaim.
4. Chun crı́ocha an Airteagail seo, forléireofar ‘náisiúnaigh
Bhallstáit’ i gcomhréir le haon dearbhú arna dhéanamh aige faoi
Airteagal 6(1)(b) den Choinbhinsiún Eorpach um Eiseachadadh
agus le mı́r 1(c) den Airteagal sin.
Airteagal 6
Comhar
1. Má tá calaois mar atá sainmhı́nithe in Airteagal 1 ina cion coiriúil agus go mbaineann sı́ le dhá Bhallstát ar a laghad, comhoibreoidh
na Ballstáit sin go héifeachtach san imscrúdú, san ionchúiseamh agus
i bhforghnı́omhú an phionóis, mar shampla trı́ chúnamh dlı́thiúil
frithpháirteach, eiseachadadh, imeachtaı́ a aistriú nó pianbhreitheanna arna dtabhairt i mBallstát eile a fhorghnı́omhú.
2. Nuair atá dlı́nse ag nı́os mó ná Ballstát amháin agus caoi acu
ionchúiseamh éifeachtach a dhéanamh arna bhunú ar na fı́orais
chéanna, comhoibreoidh na Ballstáit i dtrácht chun a chinneadh cé
acu Ballstát a dhéanfaidh an ciontóir nó na ciontóirı́ a ionchúiseamh
chun an t-ionchúiseamh a lárú i mBallstát amháin más féidir.
57