[No. 50.] Sch.3 Criminal Justice (Theft and Fraud Offences) Act, 2001. [2001.] Airteagal 7 Ne bis in idem 1. Cuirfidh na Ballstáit an riail ‘ne bis in idem’ i bhfeidhm ina ndlı́the coiriúla náisiúnta; faoin riail sin, nı́ fhéadfar duine a bhfuil a thriail crı́ochnaithe faoi dheireadh i mBallstát amháin a ionchúiseamh i mBallstát eile i leith na bhfı́oras céanna, ar chuntar gur forghnı́omhaı́odh aon phionós a gearradh, go bhfuil sé á fhorghnı́omhú fós nó nach féidir é a fhorghnı́omhú a thuilleadh faoi dhlı́the Bhallstát a ghearrtha. 2. Féadfaidh Ballstát, tráth an fhógra dá dtagraı́tear in Airteagal 11(2) a thabhairt, a dhearbhú nach mbeidh sé faoi cheangal ag mı́r 1 in aon chás amháin nó nı́os mó de na cásanna seo a leanas: (a) más ar a chrı́och féin, go hiomlán nó go páirteach, a tharla na fı́orais ab ábhar don bhreithiúnas a tugadh ar an gcoigrı́och. Más go páirteach áfach, nı́ bheidh an eisceacht sin infheidhme má tharla na fı́orais sin go páirteach ar chrı́och an Bhallstáit inar tugadh an breithiúnas; (b) más é atá sna fı́orais ab ábhar don bhreithiúnas a tugadh ar an gcoigrı́och cion in éadan shlándáil an Bhallstáit sin nó in éadan leasa chomhriachtanaigh eile dá chuid; (c) más oifigeach den Bhallstát sin a rinne, de shárú ar dhualgais a oifige, na fı́orais ab ábhar don bhreithiúnas a tugadh ar an gcoigrı́och. 3. Nı́ bheidh na heisceachtaı́ is ábhar do dhearbhú faoi mhı́r 2 infheidhme más rud é go ndearna an Ballstát i dtrácht, i leith na bhfı́oras céanna, a iarraidh ar an mBallstát eile an t-ionchúiseamh a thionscnamh nó go ndearna sé eiseachadadh an duine lena mbaineann a dheonú. 4. Nı́ dhéanfaidh an tAirteagal seo difear do chomhaontuithe ábhartha déthaobhacha nó iltaobhacha atá curtha i gcrı́ch idir Bhallstáit ná do dhearbhuithe ábhartha. Airteagal 8 An Chúirt Bhreithiúnais 1. Nı́ foláir don Chomhairle aon dı́ospóidı́ idir na Ballstáit maidir le léiriú nó cur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin seo a phlé mar chéad chéim i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach i dTeideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach d’fhonn teacht ar réiteach. Mura mbeidh réiteach faighte laistigh de thréimhse sé mhı́, féadfaidh páirtı́ sa dı́ospóid ı́ a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach. 2. Féadfar aon dı́ospóid maidir le hAirteagal 1 nó 10 idir Ballstát amháin nó nı́os mó agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach nárbh fhéidir a réiteach trı́ chaibidlı́ocht a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais. 58

Select target paragraph3