[No. 50.]
Sch.3
Criminal Justice (Theft and Fraud
Offences) Act, 2001.
[2001.]
nó soláthar intinneach ráiteas nó doiciméad bréagach, neamhbheacht
nó neamhiomlán ar a bhfuil an éifeacht atá luaite i mı́r 1 mura bhfuil
siad inphionóis cheana mar phrı́omhchion nó mar rannpháirteachas
i gcalaois, grı́osú chuici nó iarracht uirthi, mar atá calaois sainmhı́nithe i mı́r 1.
4. Féadfar cineál intinneach gnı́mh nó neamhghnı́mh dá dtagraı́tear i mı́reanna 1 agus 3 a infeiriú ó imthosca fı́orasacha oibiachtúla.
Airteagal 2
Pionóis
1. Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go
mbeidh an t-iompar dá dtagraı́tear in Airteagal 1, maille le
rannpháirteachas san iompar dá dtagraı́tear in Airteagal 1(1), grı́osú
chuige nó iarracht air, inphionóis le pionóis atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach lena n-áirı́tear, ar a laghad i gcásanna
tromchúiseacha calaoise, pionóis lena mbaineann cailleadh saoirse a
bhféadfaidh eiseachadadh teacht astu, ar an mbun tuisceana nach
foláir a mheas mar chalaois thromchúiseach gach calaois a bhaineann
le hı́osmhéid a shocrófar i ngach Ballstát. Nı́ fhéadfar an t-ı́osmhéid
a shocrú ag méid is mó ná ECU 50 000.
2. Ar a shon sin, i gcásanna mionchalaoise a bhaineann le méid
iomlán nach mó ná ECU 4 000 agus nach bhfuil imthosca tromchúiseacha ar leith i gceist iontu de réir a dhlı́the, féadfaidh Ballstát foráil
do phionóis de chineál eile seachas na pionóis dá bhforáiltear i mı́r
1.
3. Féadfaidh Comhairle an Aontais Eorpaigh, ag gnı́omhú di
d’aon toil, an méid dá dtagraı́tear i mı́r 2 a athrú.
Airteagal 3
Dliteanas coiriúil ceannairı́ gnóthas
Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun gur féidir a dhearbhú,
i gcomhréir leis na prionsabail atá sainmhı́nithe ina dhlı́ náisiúnta, go
bhfuil ceannairı́ gnóthas nó aon daoine a bhfuil cumhacht
chinnteoireachta nó rialaithe acu laistigh de ghnóthas faoi dhliteanas
coiriúil i gcásanna calaoise a dhéanann dı́obháil do leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach, dá dtagraı́tear in Airteagal 1, arna
déanamh ag duine faoina n-údarás thar ceann an ghnóthais.
Airteagal 4
Dlı́nse
1. Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a dhlı́nse a bhunú
i leith na gcionta atá bunaithe aige de réir Airteagail 1 agus 2(1):
— nuair is ar a chrı́och a dhéantar, go hiomlán nó go páirteach,
calaois, rannpháirteachas inti nó iarracht uirthi a dhéanann
dı́obháil do leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach,
lena n-áirı́tear calaois a bhfuarthas a sochar ar an gcrı́och sin,
— nuair a chuidı́onn duine ar a chrı́och go feasach le calaois a
dhéanamh ar chrı́och aon Stáit eile nó nuair a aslaı́onn sé go
feasach é,
56