[2001.] Criminal Justice (Theft and Fraud Offences) Act, 2001. [No. 50.] tromchúiseacha iompar den sórt sin a dhéanamh inphionóis le caille- Sch.3 adh saoirse a bhféadfaidh eiseachadadh teacht as; AG AITHINT DÓIBH go bhfuil ról tábhachtach ag gnóthais i réimsı́ arna maoiniú ag na Comhphobail Eorpacha agus nár chóir go néalóidı́s siúd a bhfuil cumhachtaı́ cinnteoireachta i ngnóthais acu óna bhfreagracht choiriúil in imthosca iomchuı́; ÓS É A RÚN DAINGEAN calaois a dhéanann dı́obháil do leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chomhrac le chéile trı́ oibleagáidı́ a ghlacadh ar láimh maidir le dlı́nse, eiseachadadh agus comhar frithpháirteach, TAR ÉIS COMHAONTÚ AR NA FORÁLACHA SEO A LEANAS: Airteagal 1 Forálacha ginearálta 1. Chun crı́ocha an Choinbhinsiúin seo, is éard é calaois a dhéanann dı́obháil do leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach: (a) maidir le caiteachas, aon ghnı́omh nó neamhghnı́omh intinneach a bhaineann: — le húsáid nó tı́olacadh ráiteas nó doiciméad atá bréagach, neamhbheacht nó neamhiomlán, arb é a néifeacht mı́dhı́lsiú nó coinneáil éagórach cistı́ as buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach nó as buiséid arna mbainisteoireacht ag na Comhphobail Eorpacha nó thar a gceann, — le neamhnochtadh faisnéise de sha��rú ar oibleagáid shonrach ar a bhfuil an éifeacht chéanna, — le sraonadh cistı́ den sórt sin chun crı́ocha eile seachas na crı́ocha ar deonaı́odh i dtosach báire chucu iad; (b) maidir le hioncam, aon ghnı́omh nó neamhghnı́omh intinneach a bhaineann: — le húsáid nó tı́olacadh ráiteas nó doiciméad atá bréagach, neamhbheacht nó neamhiomlán, arb é a néifeacht acmhainnı́ bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach nó buiséad arna mbainisteoireacht ag na Comhphobail Eorpacha nó thar a gceann a laghdú go neamhdhı́thiúil, — le neamhnochtadh faisnéise de shárú ar oibleagáid shonrach ar a bhfuil an éifeacht chéanna, — le sraonadh sochair arna fháil go dlı́thiúil ar a bhfuil an éifeacht chéanna. 2. Faoi réir Airteagal 2(2), glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá agus is iomchuı́ chun forálacha mhı́r 1 a thrasuı́ ina dhlı́ coiriúil inmheánach ar dhóigh go ndéanfar cionta coiriúla den iompar dá dtagraı́tear sna forálacha sin. 3. Faoi réir Airteagal 2(2), glacfaidh gach Ballstát freisin na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar cionta coiriúla de tharraingt suas 55

Select target paragraph3