[No. 50.]
Section 41.
Criminal Justice (Theft and Fraud
Offences) Act, 2001.
[2001.]
SCHEDULE 5
Text in the Irish language of the Protocol drawn up on the
basis of Article K.3 of the Treaty on European Union to the
Convention on the protection of the European Communities’ financial interests done at Brussels on 27 September 1996
PRÓTACAL
arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas
Eorpach, a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint
TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA sa Phrótacal seo,
Ballstáit den Aontas Eorpach,
AG TAGAIRT DÓIBH do Ghnı́omh ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh 27 Meán Fómhair 1996,
ÓS MIAN LEO a áirithiú go gcuidı́onn a ndlı́the coiriúla go héifeachtach le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a
chosaint;
AG AITHINT DÓIBH thábhacht Choinbhinsiún an 26 Iúil 1995
maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint a
mhéid a bhaineann le calaois a dhéanann difear d’ioncam agus caiteachas Comhphobail a chomhrac;
ÓS FIOS DÓIBH go bhféadfaidh cionta coiriúla eile dı́obháil a
dhéanamh do leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach nó
bheith ina mbagairt orthu, go háirithe gnı́omhartha éillitheacha arna
ndéanamh ag oifigigh náisiúnta agus oifigigh Chomhphobail atá freagrach as cistı́ Comhphobail atá á rialú acu a bhailiú, a bhainisteoireacht nó a ı́oc amach, nó gnı́omhartha éillitheacha arna ndéanamh ina
gcoinne;
DE BHRÍ go bhféadfaidh daoine de náisiúntachtaı́ éagsúla atá fostaithe ag gnı́omhaireachtaı́ nó comhlachtaı́ poiblı́ éagsúla bheith i
dtreis san éilliú sin agus go bhfuil sé tábhachtach, ar mhaithe le
gnı́omhaı́ocht éifeachtach i gcoinne an éillithe sin a bhfuil craobhacha idirnáisiúnta aige, dearcadh comhchosúil ar a gcineál incháinte
a bheith ann i ndlı́the coiriúla na mBallstát;
AG TABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH nach gcuimsı́onn dlı́ coiriúil
roinnt de na Ballstáit maidir le coirpeacht atá bainteach le feidhmeanna poiblı́ a fheidhmiú i gcoitinne agus maidir le héilliú, ach go
háirithe, ach gnı́omhartha i gcoinne a n-oifigeach náisiúnta nó arna
ndéanamh acu agus nach gcuimsı́onn sé iompar a bhfuil oifigigh
Chomhphobail nó oifigigh Bhallstát eile i dtreis ann nó go gcuimsı́onn sé é i gcásanna eisceachtúla amháin;
ÓS DEIMHIN LEO gur gá an dlı́ náisiúnta a oiriúnú nuair nach
bpionósaı́onn sé gnı́omhartha éillitheacha a bhfuil oifigigh
Chomhphobail nó oifigigh Bhallstát eile i dtreis iontu a dhéanann
dı́obháil, nó ar dóigh dóibh dı́obháil a dhéanamh, do leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach;
ÓS DEIMHIN LEO freisin nár chóir oiriúnú den sórt sin ar an dlı́
náisiúnta a theorannú, i leith oifigeach Comhphobail, do ghnı́omhartha éillitheacha gnı́omhacha nó neamhghnı́omhacha ach gur chóir é
a chur i mbaint le coireanna eile a dhéanann difear, nó ar dóigh
dóibh difear a dhéanamh, d’ioncam nó do chaiteachas na gComhpho66