[2001.]
Criminal Justice (Theft and Fraud
Offences) Act, 2001.
[No. 50.]
Airteagal 9
Forálacha inmheánacha
Nı́ choiscfidh aon fhoráil sa Choinbhinsiún seo na Ballstáit ar fhorálacha dlı́thiúla inmheánacha a ghlacadh a théann thar na hoibleagáidı́ a leanann ón gCoinbhinsiún seo.
Airteagal 10
Páirtiú
1. Páirteoidh na Ballstáit le Coimisiún na gComhphobal Eorpach
téacs na bhforálacha ag trasuı́ ina ndlı́ inmheánach na n-oibleagáidı́
a thiteann orthu de bhun fhorálacha an Choinbhinsiúin seo.
2. D’fhonn an Coinbhinsiún seo a chur i bhfeidhm, déanfaidh na
hArdpháirtithe Conarthacha i gComhairle an Aontais Eorpaigh, an
fhaisnéis nach mór a pháirtiú nó a mhalartú idir na Ballstáit nó idir
na Ballstáit agus an Coimisiún agus rialacha mionsonraithe a páirtithe a shainiú.
Airteagal 11
Teacht i bhfeidhm
1. Beidh an Coinbhinsiún seo faoi réir a ghlactha ag na Ballstáit i
gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.
2. Cuirfidh na Ballstáit in iúl d’Ardrúnaı́ Chomhairle an Aontais
Eorpaigh go bhfuil na nósanna imeachta is gá faoina rialacha bunreachtúla faoi seach chun an Coinbhinsiún seo a ghlacadh comhlı́onta
acu.
3. Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm 90 lá tar éis don fhógra dá dtagraı́tear i mı́r 2 a bheith tugtha ag an mBallstát is déanaı́
a dhéanfaidh sin.
Airteagal 12
Aontachas
1. Beidh aontachas leis an gCoinbhinsiún seo ar oscailt d’aon Stát
a thagann chun bheith ina Bhallstát den Aontas Eorpach.
2. Is téacs údarásach téacs an Choinbhinsiúin seo i dteanga an Stáit
aontaigh, arna dhréachtú ag Comhairle an Aontais Eorpaigh.
3. Taiscfear na hionstraimı́ aontachais leis an taiscı́.
4. Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm maidir le Stát aontach 90 lá tar éis dó a ionstraim aontachais a thaisceadh nó ar dháta
an Choinbhinsiúin a theacht i bhfeidhm mura bhfuil sé tagtha i
bhfeidhm fós tráth na tréimhse 90 lá sin a dhul in éag.
59
Sch.3