[No. 50.]
Sch.3
Criminal Justice (Theft and Fraud
Offences) Act, 2001.
[2001.]
Airteagal 7
Ne bis in idem
1. Cuirfidh na Ballstáit an riail ‘ne bis in idem’ i bhfeidhm ina
ndlı́the coiriúla náisiúnta; faoin riail sin, nı́ fhéadfar duine a bhfuil a
thriail crı́ochnaithe faoi dheireadh i mBallstát amháin a ionchúiseamh i mBallstát eile i leith na bhfı́oras céanna, ar chuntar gur
forghnı́omhaı́odh aon phionós a gearradh, go bhfuil sé á fhorghnı́omhú fós nó nach féidir é a fhorghnı́omhú a thuilleadh faoi dhlı́the
Bhallstát a ghearrtha.
2. Féadfaidh Ballstát, tráth an fhógra dá dtagraı́tear in Airteagal
11(2) a thabhairt, a dhearbhú nach mbeidh sé faoi cheangal ag mı́r 1
in aon chás amháin nó nı́os mó de na cásanna seo a leanas:
(a) más ar a chrı́och féin, go hiomlán nó go páirteach, a tharla
na fı́orais ab ábhar don bhreithiúnas a tugadh ar an gcoigrı́och. Más go páirteach áfach, nı́ bheidh an eisceacht sin
infheidhme má tharla na fı́orais sin go páirteach ar
chrı́och an Bhallstáit inar tugadh an breithiúnas;
(b) más é atá sna fı́orais ab ábhar don bhreithiúnas a tugadh ar
an gcoigrı́och cion in éadan shlándáil an Bhallstáit sin nó
in éadan leasa chomhriachtanaigh eile dá chuid;
(c) más oifigeach den Bhallstát sin a rinne, de shárú ar dhualgais
a oifige, na fı́orais ab ábhar don bhreithiúnas a tugadh ar
an gcoigrı́och.
3. Nı́ bheidh na heisceachtaı́ is ábhar do dhearbhú faoi mhı́r 2
infheidhme más rud é go ndearna an Ballstát i dtrácht, i leith na
bhfı́oras céanna, a iarraidh ar an mBallstát eile an t-ionchúiseamh a
thionscnamh nó go ndearna sé eiseachadadh an duine lena mbaineann a dheonú.
4. Nı́ dhéanfaidh an tAirteagal seo difear do chomhaontuithe
ábhartha déthaobhacha nó iltaobhacha atá curtha i gcrı́ch idir
Bhallstáit ná do dhearbhuithe ábhartha.
Airteagal 8
An Chúirt Bhreithiúnais
1. Nı́ foláir don Chomhairle aon dı́ospóidı́ idir na Ballstáit maidir
le léiriú nó cur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin seo a phlé mar chéad
chéim i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach i dTeideal
VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach d’fhonn teacht ar réiteach.
Mura mbeidh réiteach faighte laistigh de thréimhse sé mhı́, féadfaidh
páirtı́ sa dı́ospóid ı́ a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais na
gComhphobal Eorpach.
2. Féadfar aon dı́ospóid maidir le hAirteagal 1 nó 10 idir Ballstát
amháin nó nı́os mó agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach nárbh
fhéidir a réiteach trı́ chaibidlı́ocht a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais.
58